Ineacs

Foclir

Óró Mo Bháidín

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(le Pádraig Mac Piarais)

Crochfaidh mé seolta is rachaidh mé siar,
Óró mo churaichín ó!
'S go hOíche Fhéil' Eoin ní thiocfaidh mé aniar,
Óró mo bháidín!

Curfa:

Óró mo churaichín ó!
Óró mo bháidín,
Óró mo churaichín ó!
Óró mo bháidín,

Nach breá í mo bháidín ag snámh ar a' gcuan,
Óró mo churaichín ó,
'S na céaslaí á dtarraingt go láidir 's go buan,
Óró mo bháidín.

Curfa

Nach lúfar í ag iomramh soir agus siar,
Óró mo churaichín ó,
'S a sárú ní bhfaighidh tú ó Árainn go Cliar,
Óró mo bháidín.

Curfa


macsuibhne.com/amhran/