Ineacs

Foclir

'Sí Do Mhaimeo Í

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Curfá:
'Sí do Mhaimeo í, 'sí do Mhaimeo í
'Sí do Mhaimeo í, cailleach an airgid
'Sí do Mhaimeo í, ó Bhaile Inis Mhóir í
'S chuirfeadh sí cóistí ar bhóithre Cois Fharraige

Dá bhfeicfea' an 'steam' 'gabhail siar Tóin Ui Loin
'S na rothaí 'gabhail timpeall siar ó na ceathrúnaí
Chaithfeadh sí 'n stiúir naoi n-uair' ar a cúl
'S ní choinneadh sí siúl le cailleach an airgid

Curfá

'Measann tú 'bpósfá, 'measann tú 'bpósfá
'Measann tú 'bpósfá', cailleach an airgid?
Tá 's a'm nach 'bpósfá', tá 's a'm nach 'bpósfá'
Mar tá sé ró-óg 'us d'ólfadh sé 'n t-airgead

Curfá

'S gairid go 'bpósfaidh, 's gairid go 'bpósfaidh
'S gairid go 'bpósfaidh, beirt ar a' bhaile seo
'S gairid go 'bpósfaidh, 's gairid go 'bpósfaidh
Séan Shéamais Mhóir agus Máire Ní Chathasaigh

Curfá (2 x)


macsuibhne.com/amhran/