Ineacs

Foclóir

Fáinne Geal an Lae

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Traidisiúnta)

Ar maidin ' moch do ghabhas amach
Ar bhruacha Locha Léin,
An samhradh ' teacht sa chraobh lem' ais
Agus lonradh te ón ngréin;
Ar thaisteal dom tré bhailte poirt
Agus bánta míne réidh,
Cé gheobhainn lem' ais ach an chúileann deas
Le fáinne geal an lae!

Ní raibh bróg ná stóc ná caidhp ná clóc
Ar mo stóirín óg ón spéir,
Ach folt fionn órga síos go troigh
Ag fás go barr an fhéir;
Bhí callán crúit' aici 'na glaic,
Agus, ó, ba dheas a scéimh!
Do rug barr gean ó Vénus deas
Le fáinne geal an lae.


macsuibhne.com/amhran/