Ineacs

Foclir

An Caiptín Ó Máille

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

An chéad lá de mhí an fhómhar
Sea chroch muid na seolta
' S ag tarraingt ar na cósatí
Go tóin an Buinneáin siar
Agus thart anseo le Cliara
Agus acaill d'fhág taobh thiar dhi
' S go hinis Oirc ná dtrialladh
Beidh Éire cruinn a'n ann

Agus thart le Roth na Maoile
Agus síos go Cruach na Caoile
An Cloigeann lena thaobh sin
' S Trá Bhríde 'na ndiadh
Nó gur dhoirt muid le fána
Thríl farraige is í 'cáthadh
Go ndeacha muid don Rátha
Mar is ann a bhí ár dtriall

Is ag síneadh dhúinn le hÁrainn
Mhéadaigh ar na ngála
Bhí cúrsa istigh ar thráth again
' S ní mba tráth faille é
Ach gus árdaigh sé chun feochaint
Is an sin chun gaoithe moiré
Gur chroch muid na seolta
' S níor mhór dúinn é in am

An fharraige gur ghéim sí
Agus las na tonta tréana
Ó chruinnigh na spéartha
Agus mhéadaigh ar an gceo
' S dá mbéadh caint ag an clára
Go n-inseoidís scéal cráite
An ghoireacht is chuaigh an bás dúinn
' S gan eadrain ach iad

Bhí criú na loinge ar aon chor
' S iad ag dearcadh ar chiar m'éadain
Ag súil le cabhar a dhéanamh
Agus gan aon maith dhóibh ann
Ach gur dúirt mé leo ar aon chor
Go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn
Ag iompar a gcuid éadaigh
An fhaid ab fhéidir léithe snámh

Agus tá mo láimhe strócaithe
Go síoraí ag tarraingt rópaí
Tá an craicean is an fheoil
Is é tarrangtha amach ón gcnáimh
Ach más é an bás a gheal mac Dé dhúinn
Cén maith é bheith dhá shéanadh
Ach ag gabhail go flaitheas Dé dhúinn
In aon stad amháin.


macsuibhne.com/amhran/