Ineacs

Foclir

An Chailín Álainn

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

Tá cailín álainn, a dtug mé grá dhi
Sí 's deis' is áille, ná bláth 's ná rós
Gan í ar láimh liom, is cloíte atá mé
Ó a chailín álainn, 's tú fáth mo bhróin

Curfá:
A chailín álainn, a dtug mé grá duit
Ó bí ar láimh liom, mo mhíle stór
Ó abair liomsa, gur tú mo ghrá gheal
Beidh orm áthas, in áit an bhróin

Nuair a éirím, amach go huaigneach
Siúd é an uair, is mó mo bhrón
O bím ag smaointeamh, ar an chailín uasal
Atá i bhfad uaimse, mo chreach 's mo bhrón

Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn
Aríst go brách ní, bheadh orm brón
Sheinnfinn ceol duit, mar cheol na cláirsí
Nó ceol binn smóilín, 's an drúcht gheal cheo


macsuibhne.com/amhran/