Ineacs

Foclir

Cath Chéim an Fhia

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Cois abhainn Ghleann an Chéime in Uíbh Laoghaire sea bhímse
Mar a dtéann an fia san oíche chun síor chodladh só
Ag machnamh seal liom féinig, ag déanamh mo smaointe.
Ag éisteacht i gcoillte le binn ghuth na n-eon
Nuair a chuala an cath ag teacht aniar
Is glór na n-each ag teacht leis síos
Le fuaim an airm do chrith an sliabh
'S níor bhinn linn a nglór
Thángadar go namhadmhar mar thiocfadh garda de chonnaibh nimhe
Agus cumha mo chroí na sár-fhir a d'fhágadar gan treoir.

Níor fhan fear, bean ná páiste i mbun áitrimh ná tí acu
Ná gártha goil do bhí acu 's na mílte olagón
Ag féachaint ar an ngarda teacht go láidir 'na dtimpeall
Ag lámhach 's ag líonadh 's ag scaoileadh 'na dtreo
An liú gur leath i bhfad i gcéin; 'sé dúirt gach flaith 'nár mhaith leis triall
Gluaisigí go mear tá an cath dá riar agus téimís 'na chóir
Thángadar na sár-fhir, guím áthas ar Chlanna Gael
'S thiomáineadar na Pághánaigh le fánaigh ar seol.

Ba ghairid dúinn go dtáinig an lámh láidir inár dtimpeall
Gur scaipeadar ár ndaoine ar gach muilinn faoin gceo
Bhí an Burrach 'na bhumbáile 'cu, Barnett agus Beecher,
Hedges agus Faoitigh, is na mílte eile leo.
A Rí na bhFeart go leagadh iad gan chliú, gan mheas, gan rath, gan séan.
Go tinte meara i measc na bpian gan faoiseamh go deo,
Céad moladh mór le hÍosa nár dhíolamar as a' dtóir
Ach bheith ag déanamh grinn de's dá insint ar só.

Do bhí Smith ar a thár in airde, ar ard leachainn rí dhuibh,
Ba ghránna a bhí a ghní 's gan tinte ar a thóin nár bheireadh crídh is fearr iad,
An t-ál seo Chalbhinn choíche
Nár ghéill riamh do Chríost ach púimp agus póit
Beidh na sluaite fear ag teacht gan chíoch,
Ar lonngaibh mara is fada a dtriall,
'S an Francach Théas nár mheathlaigh riamh, i bhfaobhar is i gcóir.
Beidh cathracha á stríocadh agus tinteacha á lasadh leo
Tá'n cairde fada díolta 's an líon rith ina gcomhair.

'S a Chlanna Gaeil na n-Árann,
Ná stánaigí is ná stríocaigí,
Is gearr anois gan mhoill go mbeidh críoch le bhur gnó
Tógaigí suas bhúr gcráiste tá an t-ál seo le díbirt,
Go hifrinn iad á díriú i dtinte teo.
Bíodh bhur bpící glan i gceart 's i ngléas,
Téigí chun catha ná fanaigí siar,
Tá cabhair ag teacht le toil ó Dhia agus léirigí na póir
Sáigí isteach go dána, in áitreamh a dtáinig romhaibh
Is mithid daoibh é fháil 's tá 'n cairde maith go leor.


macsuibhne.com/amhran/