Ineacs

Foclóir

Mal Dubh an Ghleanna

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Tá bó agam ar shliabh
Is nach fada mé ina diaidh
Nó gurbh chaill mé mo chiall dhá tóraíocht
Dhá seoladh soir is siar chuile áit dhá dtéann an ghrian
Nó go bhfilleadh sí abhaile tráthnóna.
Is nuair a bhreathnaím féin anonn san áit a mbíonn mo rún
Ă“ sileann Ăł mo shĂşile sruth deora
Ach a rĂ­ ghil na ndĂşl den fuascailt ar mo chĂşis
Mar sí Bean Dubh an Ghleanna a bheoigh mé.

SĂ­ Mal Dubh an Earraigh
SĂ­ Mal Dubh an Ghleanna
Sí Mal Dubh is deirge ná an rós í.
Ach dhá bhfaighinnse mo roghain de mhná óga deasa ar domhain
'SĂ­ Mal Dubh an Ghleanna a thĂłgfainn.

Ă“ is gheobhainnse bean go LĂ­nseach is bean eile go Fhrinnseach
Is bean a mbeadh dhá chéad bó léi.
Ach sí bean na mbúclaí buí a chráigh go mór mo chroí
Is mo chúig chéad slán go deo léi.

Is tá iníon ag an Línseach, nach í atá go péacach
Dá n-iarrfása a fháil le pósadh
Ach dá bhfaighinn mo rogha ar mhná óga dheasa an domhain
SĂ­ Bean Dubh an Ghleanna a thĂłgfainn.

'Gus siĂşd Ă© thiar mo theach is gan de dhĂ­on air ach an scrath
Is Ă© tĂłgadh ar leath thaobh an bhĂłithrĂ­n
Is nach crĂ­onadh a bhĂ­onn an bheach
Nuair a dhéanann sí a nead
Le grian 'gus le teas an tSamhraidh.

Is nuair a chrĂ­onann an tslat nĂ­ fhanann orthu meas
Ach a sĂşil leis an gcraoibhĂ­n is airde
Is a chailín álainn deas a chaill mé leat mo chiall
Mo chúig chéad slán go deo leat.

SĂ­ Mal Dubh an Earraigh
SĂ­ Mal Dubh an Ghleanna,
Sí Mal Dubh is deirge ná an rósa
Ach dhá bhfaighinnse fhéin mo roghain ar mhná óga deasa an domhain
SĂ­ Bean Dubh an Ghleanna a phĂłsfainn.


macsuibhne.com/amhran/