Ineacs

Foclóir

Táimse ar an mBaile Seo

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is táimse ar an mbaile seo le bliain agus trí lá
Is dá mbeadh a fhios aige mo mhuintir, ní chodlóidís go sámh.
Dochtúirí na Fraince ní leigheasfaidís mo ghearán.
Go dtiocfaidh péarla an chúil chraobhaigh.
Is go mbéarfaidh sí ar mo láimh.

Is DĂ© Domhnaigh, DĂ© Domhnaigh sea deineadh mise a chreachadh.
Go ceanglaĂ­odh mo stĂłirĂ­n gan orlach dem' chead.
Dá mbeinnse suite i gcúinne an tí is grá mo chroí le m'ais.
Ă“ is nach gleoite deas mar a sheolfaimis na dĂşthaigh i bhfad amach.

Is tá mo mhuintir de shíor á rá go gcaithfeadsa dul anonn.
Ach iarraimse ar Mhuire is ar Íosa nach bhfaighe siad bád ná long.
Dá mbeinnse amuigh ins an oíche faoi dhuilliúr glas na gcrann.
Ó is a Dhia dhílis nárbh aoibhinn dom is grá mo chroí a bheith ann.

Is dá mbeadh boiscín snaoise agam do dhéanfainn sult is greann.
NĂł pĂ­opaĂ­n fhada dhĂ­reach is tobac le cur ina ceann.
Neilí Bán ar leaba liom is piliúr faoina ceann
Is go n-éalódh lucht na mbuataisí lena cúilín ghrámhar donn.

'Gus NeilĂ­ Ăł le m-anam tĂş 'gus NeilĂ­ Ăł le mo chroĂ­.
An dtiocfása liomsa go bun an ghleanntáin fraoigh
Do thabharfainn radharc ar chuanta dhuit is ar bhailte mĂłra groĂ­.
Is cead a bheith i gcĂłistĂ­ agat ar bhĂłthar leis an RĂ­.


macsuibhne.com/amhran/