Ineacs

Foclóir

Bean an Fhir Rua

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is a bhruinnill gan smál a bhfuil an dealramh deas in do ghrua,
Sé an buachaillín bán a b'fhearr liom seal leat dá lua.
Ní cheillfidh mé ar chách fios m'ábhar is go bhfuil mé faoi ghruaim,
Ach d'ainnneodh feara fáil, sí mo ghrá geal bean an fhir rua.

Nuair a théimse thart síos bím i bpríosún ceangailte crua,
BoltaĂ­ ar mo chaoil 'gus na mĂ­lte glais as sin suas.
Thabharfainnse an sĂ­theadh mar a thabharfadh an eala thar cuan,
NĂł go sĂ­nfinnse mo thaobh seal sĂ­os le bean an fhir rua.

Is tabhair litir uaim scrĂ­ofa Ăł sĂ­os go dtĂ­ an baile thar cuan
Chuig an gcailĂ­n beag caoin a bhfuil an chaortha thrĂ­ lasadh 'na grua,
Go scriosfadh sí an Traoi 's tá na mílte fear léi dhá lua,
Ach glac misneach a BhrĂ­d 's nĂ­ baolach feasta an fear rua.

Is nár théigh mé den tsaol seo ó choíche is nár chaillidh mé an greann
Nó go mbeidh mé is mo mhian seal sínte faoi bharraí na gcrann
Is gan éinneach beo a bheith inár ngaobhar ach coiligh fraoigh is duilliúr na gcraobh
Is an fear rua a bheith sĂ­nte i gCill BhrĂ­de agus leac ar a cheann.

Tá crann ins an ngáirdín ar a bhfásann ar duilliúr 's bláth buí,
'S nuair a leagann mé mo láimh air nach láidir nach bpléascann mo chroí.
'Sé a n-iarrfainnse do spás ar an Ard-Rí ón bhFlaitheas anuas,
Ach aon phóigín amháin 'gus é a fháil ó bhean an fhir rua.


macsuibhne.com/amhran/