Ineacs

Foclir

An Raicín Álainn

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Ó bhí mé lá breá gréine ag gabháil an ród seo siar
Casadh cailín óg orm 's í ag bleán na mbó cois claí
Beirimse fhéin mo mhóide dhi as an rós a bhí ina haghaidh
Ó gluais is tar an bóithrín liom ag baint an Fhómhair bhuí.

Ó bhí mé glic go leor leis an spóirt a chur 'un cinn
Chuaigh muid go teach an ósta 'gus is dóigh gur shuigh muid síos
Bhí fíon is púins ar bord a'ainn ach is ormsa 'bhí é íoc
Is gur imigh sé síos an bóithrín uaim is mo raca 'na phóca thíos.

"Is nach brónach an bhean go lá mé a stóirín", a deir sí
"Ní dhéanfaidh mé spraoi ná gáire nó go dtigid sé an ród seo 'rís
Tá an ghruaig ag titim 'na dualaí dhíom 's gan cheo a'am a réiteodh í
Ó chaill mé an raicín álainn 'bhíodh go hard i gcúl mo chinn".

Is tiocfaidh sé an ród seo amáireach is cuirí' céad fáilte faoi
Socraigh cathaoir chláir dhó go hard i lár an tí
Bain a hata dhá cheann 's ná bíodh cás ná náire ort faoi
Nó go bhfaigh' mé an raicín álainn 'bhíodh go hard i gcúl mo chinn.


macsuibhne.com/amhran/