Ineacs

Foclir

Marbhna Thomáis Ághais

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

I gCinn Áird fhéarghlais ar fhaobhar na taoide
Tá tinteán néata faoi dhubhnéal bróin
Faoin ngárlach rua cás ná fillfidh choíche
Ó d'fhág le haoibh é ar buí lá Fómhair
Bhí Tomás Ághas geal glan sé ar airde
Bánchnis shíodúil is croí mar leon
Ba chaite snoite a chaolchorp sínte
Faoi bhrat na saoirse - ár laoch go deo.

I gcath Ashbourne ar theorann na Mí thuas
I mBearna an Bhaoil sheas an tÁghasach óg
'S gur le neart a ghéaga is cabhair a dhiorma
Do bhuaigh glan díreach ar bhuíon ní ba mhó
Ó bhuillí tréana ná feall dá ghéire
Níor chúl ár laoch geal riamh aon ló
Ach ar fud na tíre ag adhaint na saoirse
Níor staon dá dhícheall gur gabhadh faoi dhó.

Ba thréan a mhóidigh aon bhia nach tógadh
I ngéibhinn fuar ghlas aon deoch níor ól
'S gur le fórsa pípe a baineadh díoltas
Ó Dhia 's a Shaoirse faraor go deo.
Ár gceannairí tréana ag Gaill dá sléachtadh
Ag dó san aol gheall taréis an áir
Is ar ghaoth an Gheimhridh cois faoir na taoide
Tá monuar caointe ar thráig Chinn Áird.

macsuibhne.com/amhran/