Ineacs

Foclir

An Tuirnín Lín

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Loinnir ón ngealach ag cur leis an niamh,
Taobh leis an bhfuinneog tá Eibhlín ag sníomh;
Mamó go suanmhar ag cniotáil cois tine,
Cromtha 'gus dall is ag crónán le binneas.
"Eibhlín, a stóirín, tá cnag ar an bhfuinneog."
"Sé 'n t-eidhneán, a Mhamó, á shéideadh mar dhuilleog."
"Eibhlín, ar m'anamsa, cloisimse osna.'
"Siod é siosarnach gaoithe, a Mhamó, sa bhrosna."

Callánach croíúil ceolmhar gan chliseadh
Castar an tuirne le fuinneamh na coise;
Álainn is aigeanta, aerach is aoibhinn
An bhruinneall ag canadh go caoin lena faí bhinn.

"Cén trup sin a chloisimse lasmuigh den fhuinneog?"
"Tá, éanlaith, a Mhamó, ag canadh i loinneog."
"Cén chúis 'tá led bhogadh 's led chorraí id' stóilín
'S led' rá bunoscionn an tseanamhráin, An Cúlfhionn?"
Tá 'n leannán cois comhla is labhrann go béalbhinn:
"Cogar, a chailín, is téana, a Eibhlín!
Éirigh den stóilín 's amach tríd an gcrannaíl
Amach linn sa gharrán ag siúl faoi na crannaibh."

Éiríonn an ainnir, a méar lena beoilín,
Éiríonn den stóilín, ach fanann go fóillín;
Amharcann faoi rún ar an tseanmháthair mhuirneach,
Cuireann cos leis an stóilín is cos leis an tuirne.
Go réidh is go liosta, go mall is go suaimhneach
Casann an tuirne go héasca 's go luaimneach;
Go ciúin is go héadrom 'sea léimeann an bhruinneall
An leannán ag feitheamh, gan corraí, ar tinneall.


macsuibhne.com/amhran/