Ineacs

Foclóir

An Buachaill FĂłinteach

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Nach deas an buachaill fóinteach mé lá Fómhair agus Earraigh
Bhainfinn féin an eorna agus chuirfinn romham í arís 'na bhealaigh
Tá bláth buí ar an eorna is tá an Fómhar ar ag gabháil chun moille
'S tá mo chéad searc gabháil romham sa ród seo is ní féidir domh a mealladh.

Tiocfaidh smúid ar an spéir ar an ghrian is ar an ghealach
Tiocaidh dalladh ar mo shúile is ní léir domh na bealaí
Tá cuachín i nGleann Éinní is ní féidir díthe pilleadh
'S cha scarann mo ghrá go héag leat nó go dté mé is tú i dtalamh.

Bhí céile bheag óg agam ar a' bhaile údaí thall
Agus gheall sí mé a phósadh 'gus lig mé céile mhaith tharam.
'S trua nach bé an bás a bhí ag gabháil romham air na bealaigh fhada
Sula d'iompóchainn cúl mo láimhe le mo chúilín bán deas atá i bhfad ó bhaile.

Is ar chuala sibh na scéaltaí a tháinig aréir chugainn 'na bhaile.
Go bhfuil baintreach lucht na Gréige ag teacht ar féasta go Sliabh Gallainn.
Mar bhí an táilliúr beadaí bréagach teacht mar fhéirín faoina fallaing
Bhí sé súgradh lena chéile mar a bheadh sé á mealladh.

Is buachaill bocht scaite mé ag éirí amach ar maidin.
Níl dhá phingin ar an tsaol agam, tá mo phócaí fuar folamh.
Tá mo ghrua ar dhath na craoibhe is tá mo bhéilín ar dhath na heala
Stadaigí feasta de bhur bplé liom nach deas an féirín an fear fearúil.

Is trua nach bhfuil mé sna réadúin san áit a gcónaíonn an t-iolar
Is gan Ă©inne a bheith i mo chomhair ann ach iasc na toinne brice
'S cĂşig phunta a bheith sa bhliain agam is gan fiacha orm corĂş.


macsuibhne.com/amhran/