Ineacs

Foclir

Oileán Dhún an Óir

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is buachaillín óg mé atá i bhfad bhfad i gcéin,
Is mo mhuintir a d'fhágas go ró luath im' shaol
Táimse tinn tuirseach 's lag cráite fé bhrón,
Ó d'fhágas an Baile atá le hais Dhún an Óir.

Mo chéad slán chun Ard na Caithne
Cé gur fada mé uaidh.
Chun muintir an Fhearainn mo ghrá iad go mór.
Gach sár-fhear is cailín a d'fhágas im dheoidh.
Ar an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.

An té d'éireodh ar maidin is an drúcht ar an bhféar,
Ba dhóigh leat go gurb é gáirdín Phárthais é,
Nó bláth bán na bprátaí nó an choirce sa bhFómhar,
a d'fhás ins sa mbaile atá le hais Dhún an Óir.

Bíonn an t-iasc ann san oíche ag preabadh sa líon.
Bíonn an fiach dubh is an faolán ag snámh ar an dtoinn
Bíonn an londubh 's an smóilín ag síor-chantan ceoil.
Ar an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.

Ba bhreá iad na fir ann is ba dhathúil iad na mná,
Bíd ag rince gach Domhnach in aice Bhéal Bán,
Bíonn an cnagaire ag seinmt ann, le binn-ghuth an cheoil,
Ar an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.

Ó iarraimse ar Íosa is ar Rí geal na ngrást,
Is ar na haingil a chónaíonn sna flaithis go hard,
Mé a thabhairt seal aríst ann, fé mar bhíos fhéin fadó.
Go dtí an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.


macsuibhne.com/amhran/