Ineacs

Foclóir

Mo CheallachĂ­n Fionn

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.roisinelsafty.com/roisinelsafty.com/Mo_Cheallachin_Fionn.html ]

Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Is loingis faoi sheol ag mo CheallachĂ­n Fionn.

Óra, chuaigh sé a' rith geallta, chuaigh sé a' rith geallta,
Chuaigh sé a' rith geallta, mo Cheallachín Fionn,
Chuaigh sé a' rith geallta i sliogáinín bairneach,
Is bhuach sé trí gheall, mo Cheallachín Fionn.

'Dul soir Cora Fhidhinse, 'dul soir Cora Fhidhinse,
'Dul soir Cora Fhidhinse 'sea chaith sé a stiúir,
'Dul soir Cora Fhidhinse, 'dul soir Cora Fhidhinse,
'S ní phósfadh sé anois nó go bhfágha sé bád nua.

Curfá:-'S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
'S nach fada uaim siar Ă©, mo CheallachĂ­n Fionn?
'S nach fada uaim siar é, is ní fheicfidh mé i mbliana é,
'S go seola Dia aniar Ă©, mo CheallachĂ­n Fionn.

Tá capall is carr, tá capall is carr,
Tá capall is carr i nGaillimh le mí,
Tá capall is carr, tá capall is carr,
Ag iarraidh gléas bainise don Cheallachín Fionn.

Ag bun Chruaich na Caoile, ag bun Chruaich na Caoile,
Ag bun Chruaich na Caoile is ea stríocann na báid,
Ag bun Chruaich na Caoile, ag bun Chruaich na Caoile,
Agus siúd é siar Green, is tá bratach ina chrann.

Ag tĂłin Sceirde MĂłr, ag tĂłin Sceirde MĂłr,
Ag tóin Sceirde Mór, tá soithigh mo lao,
Ag tĂłin Sceirde MĂłr, ag tĂłin Sceirde MĂłr,
Agus raiceáladh ceann acu is tháinig sí i dtír.

Curfá 'S nach fada uaim siar é...

'Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Is loingis faoi sheol ag mo CheallachĂ­n Fionn.

Óra, máistir báid mhóir é, óra, máistir báid mhóir é,
Óra, máistir báid mhóir é, mo Thomáisín Green,
Ní chraitheann sé an smól ach oibríonn sé an scód,
'S nach shin drochmheas mĂłr ar do CheallachĂ­n Fionn?

'Sé Páidín na hAirde, 'sé Páidín na hAirde,
'Sé Páidín na hAirde a chuir clár ina taobh,
'Sé Páidín na hAirde, 'sé Páidín na hAirde,
'Gus rigeáil sé amach í don Cheallachín Fionn.

Curfá 'S nach fada uaim siar é...

'Sé mac Mháinín Mór é, 'sé mac Mháinín Mór é,
'Sé mac Mháinín Mór é, mo Cheallachín Fionn,
'Sé mac Mháinín Mór é, 'sé mac Mháinín Mór é,
As Baile Iorrais MhĂłir Ă©, mo CheallachĂ­n Fionn.

BhĂ­ punt do Dhaideo is bhĂ­ punt do MhamĂł,
'S bhĂ­ punt do Dhaideo ag mo CheallachĂ­n Fionn,
BhĂ­ punt do Dhaideo is bhĂ­ punt do MhamĂł
'S an chuid eile len Ăłl ag mo CheallachĂ­n Fionn.

Is iĂşdail Ă­, adail Ă­, iĂşdail Ă­, adail Ă­,
IĂşdail Ă­, adail Ă­, soithigh mo lao,
Is iĂşdail Ă­, adail Ă­, iĂşdail Ă­, adail Ă­,
IĂşdail Ă­, adail Ă­, mo CheallachĂ­n Fionn.


macsuibhne.com/amhran/