Ineacs

Foclóir

Coinleach Glas an Fhómhair

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.roisinelsafty.com/roisinelsafty.com/Coinleach.html ]

'S nach ar choinleach ghlas an Fhómhair, a mhuirnín, 'sea a dhearc mé thú,
Ba deas é do sheasamh i mbróigín is ba ródheas é do leagan súl,
Do ghrua ba deirge ná an rósa, is bhí do chúilín fite dlúth,
'Sé mo léan gan mé is thú pósta, is ar bhord loinge, is muid a' dul anonn.

Is a Mháire a dtug mé grá dhuit, 'sé mo léan ghéar gan mé 'gus tú,
Ar oileáinín rúin Phádraig, áit nach snámhann ann bád ná long,
'S óra, chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtráth gan codladh ciúin,
Ar shúil is go bhfaighinnse sásamh ar a ndearna tú de mhagadh fúm.

Agus chuir mise litir scríofa chuig mo ghrá bán is casaoid chrua,
Agus nár chuir sí agam arís í is bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Nuair a léigh mé í go cúramach is bhí na deora a' sileadh liom,
Ach mí ní beo mé mura bpósa mé ainnir na gcuach.

Is nach cuma liomsa fhéin céard a bheas aon fhear a' luaigh ná a' rá,
Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh dhíom a mbíonn sí ann,
Mar 'sí cuachín bharr na gcraobh í, 'sí meidhreoigín an bhrollaigh bháin,
'Sí rún is searc mo chléibh í is ní shéanfad í nó go bhfaighe mé bás.


macsuibhne.com/amhran/