Ineacs

Foclóir

Raghadsa is mo CheaitĂ­

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.osiochru.com/content/searc-mo-chl%C3%A9ibh-lyrics ]

Ó raghadsa is mo Cheaití bhálcaeireacht amach ar na sléibhte cuain.
Nó ar oileáinín mhara liom féinig mar a dtéann na héin chun suain.
AnsĂşd a bhĂ­odh nead ag an bhfiach dubh, 's an fiolar ag Ă©amh cois cuain
Agus mise á agairt chun Dé suas solas an lae bhreith uaim.

Ó's a Cheaití, nach náireach mar scéal é, má imíonn tú in aon chor uaim.
Mar gur gheallais don sagart ná déanfá, mé a mhalairt go raghainn san uaigh.
Do cuireadh bocht dealbh sa tsaol mé, is mo charaid i bhfad uaim,
Ó is a Dhia, go mbeirir chugat féin mé, má imíonn mo chéad shearc uaim.

Agus ciach ar an sagart a phós mé, nár fhág sé mé i dtreo na mban.
NĂł ag rinnce le cailĂ­nĂ­ Ăłga, ag ithe 's ag Ăłl 'na measc.
'S é an ní do shuaigh 's do bhreoidh mé, mé a cheangal go hóg le réic.
Nár fhág mise ag cnuchairt na móna, nó ag seoladh na mbó thar lear.

'S tá sioc agus sneachta ar na sléibhte, is mise liom féin dá siúl.
Ag féachaint chá bhfeicfinn mo spéirbhean, a bhí bacalach, péarlach, fionn.
Ba ghile ar a com í ná Venus, is ba bhinne a béal ná an fhliúit.
Ó is dá bhfaighinnse mo chumann ina haonar, do phógfainnse a béal go dlúth.


macsuibhne.com/amhran/