Ineacs

Foclóir

Thíos Cois na Trá Dom

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Traidisiúnta)

Ag siúl cois na trá dom i ndoimhneacht na hoíche,
An saol mór 'na gcodladh agus mise liom féin,
Na héanacha mara ag scairtigh go léanmhar
Cosúil le hanamnacha bochta i bpéin.

Thíos fán chladach tá na bádaí ag feistiú
Ar snámh mar bheadh ealaí ar bharr na dtonn;
An t-uisce ag slioparnaigh thart fána dtaobhann'
'S iad ag bogadh sa chiúnas anall a's anonn.

Iomlán gealaí agus iomlán rabharta,
Aoibhneas a's ciúnas a's áilleacht sa domhan;
Crónán na farraige ' dul siar i mo chluasa
A's bogcheol an uisce ag sileadh san abhainn.


macsuibhne.com/amhran/