Ineacs
Amhrán na Leabhar
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(le Tomás Rua Ó Súilleabháin 1785-1848)
Go Cuan Bhéil Inse casadh mé
Cois GĂłilĂn aoibhinn Dairbhre
Mar a seoltar flĂt na farraige
Thar sáile i gcéin.
I Portmagee do stadas seal,
Faoi thuairim intinn maitheasa
D'fhonn bheith sealad eatarthu
Mar mháistir léinn.
Is gearr gur chuala an eachtara
Ag cách mo léan!
Gur i mBord Eoghain Fhinn do chailleathas
An t-árthach tréan.
Do phreab mo chroĂ le hatuirse
I dtaobh loinge an taoisigh chalma
Go mb'fhearrde an tĂr Ă 'sheasamh seal
Do ráib an tséin.
Mo chiach, mo chumha is m'atuirse!
MĂ© im iarsma dubhach ag ainnise
Is mĂ© sĂoraĂ 'dĂ©anamh marana,
Ar mo chás bhocht féin!
Mo chuid Ă©adaigh chumhdaigh scaipithe,
Bhà déanta cumtha, ceapaithe,
Is do thriaill thar thriĂşcha Banban
Mar bhláth faoi mo dhéin.
Iad bheith imithe san fharraige
Ar bharr an scéil,
Is a thuilleadh acu sa lasair
Is mé go támhach trém néal;
Ba thrua le cách ar maidin mé,
Go buartha, cásmhar, ceasnaithe,
Is an fuacht a chráigh im bhalla mé
Gan snáth ón spéir!
Nà hé sin is mó a chealg mé
Ná chráigh mĂ© arĂs im aigne,
Ach nuair chĂnn fĂ©in fuadar fearthainne
Gach lá faoin spéir;
Neart gaoithe aduaidh is anaithe
Is sĂon rĂłmhĂłr gan aga ar bith,
Tinte luatha lasrach,
Is scáil na gcaor.
Chrom an uain ar shneachta 'chur
Le gála tréan
Ar feadh deich n-uair gan amharca
Le fáil ar ghréin.
Na doitheanna cruadha peannaide
A lĂon rĂłmhĂłr den ghalar mĂ©,
D'fhág suim gan suan ar leaba mé
Go tláth i bpéin!
Dá shiúlfainn Éire is Alba
An Fhrainc, an Spáinn is Sasana,
Agus fĂłs arĂs dá n-abrainn
Gach aird faoin ré,
NĂ bhfaighinnse an oiread leabhartha
B'fhearr eolas agus tairbhe
Ná is mó bhà chum mo mhaitheasa
Cé táid ar strae.
Mo chreach! mo chumha ina n-easnamh siĂşd
Do fágadh mé!
Is mĂłr an cĂşrsa marana
Agus cás liom é
Mallacht DĂ© is na hEaglaise
Ar an gcarraig ghránna mhallaithe,
A bháigh an long gan anaithe
Gan ghála, gan ghaoth.
Bhà mórán Éireann leabhartha,
Nár áirĂos dibh im labhartha,
Leabhar na Laighneach beannaithe
Ba bhreátha faoin spéir.
An 'Feirmeoir' álainn, gasta, deas,
A chuireadh a shĂol go blasta ceart,
Thug ruachnoic fraoigh is aitinn ghlais
Go gealbhánta féir,
Scoirim as mo labhartha
Cé chrádar mé,
Is nĂł cuirfeadsa aon nĂ ar fharraige
Go brách lem ré;
Moladh le RĂ an nAingeal ngeal,
Mo shláinte arĂs a chasadh orm,
Is an Fhoireann Ăşd Ăłn anaithe
Gan bá 'theacht saor!
macsuibhne.com/amhran/