Ineacs

Foclóir

An Spailpín Fánach

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Leagan a Dó)

Go deo deo arís ní raghad go Caiseal,
Ag díol ná ag reic mo shláinte,
Ná ar mharagadh na saoire im shuí cois balla,
Im scaoinse ar leataoibh sráide,
Bodairí na tíre ag teacht ar a gcapaill,
Dá fhiafraí an bhfuilim hírálta,
"Ó téanam chun siúil tá an cúrsa fada"
Seo ar siúl an Spailpín Fánach.

Im Spailpín Fánach fágadh mise,
Ag seasadh ar mo shláinte,
Ag siúl an drúchta go moch ar maidin,
'S ag bailiú galair ráithe,
Ní fheicfear corrán im' láimh chun bainte,
Súiste ná feac beag rainne,
Ach bratacha na bhFranncach os cionn mo leapan,
Is píce agam chun sáite.

Mó chúig céad slán chun dúiche m'athar,
'Gus chun an oileáin ghrámhair,
Is chun buachaill na Cúlach os díobh nár mhiste,
In aimsir chasta an ghárda,
Ach anois ó táimse im chadhan bhocht dhealbh,
Imeasc na ndúichí fáin seo,
'Sé mo chumha croí mar fuair mé an ghairm,
Bheith riamh im Spailpín Fánach.

Is ró-bhreá is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealad,
Thiar ag droichead Gháile,
Fé bhuaí, fé chaoraí, fé laoi bheaga gheala,
Agus capaill ann le h-áireamh,
Acht b'é toil Chríost é gur cuireadh sinn asta,
'S go ndeaghamhar i leath ár sláinte,
'S gurbh é bhris mo chroí i ngach tír dá rachainn,
"Call here, you Spailpín Fánach."


macsuibhne.com/amhran/