Ineacs

Foclóir

Anach Cuan

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Raftery)

Má fhaighimse sláinte is fada a bheas trácht ar
an mhéid a báthadh as Anach Cuan.
Mo thrua amárach gach athair is máthair
bean is páiste atá ag sileadh súl.
A Rí na ngrásta, a cheap neamh is Párthas,
nár bheag an tábhacht dúinn beirt ná triúr?
Ach lá chomh breá leis gan gaoth gan báisteach
is lán an bháid acu a scuabadh ar shiúil.

Nár mhór an t-ionadh os comhair na ndaoine
a bhfeiscint sĂ­nte ar chĂşl a gcinn?
Screadach is caoineadh a scanrĂłdh daoine,
gruaig á cíoradh is an chreach á roinn.
BhĂ­ buachaillĂ­ Ăłga ann, tĂ­ocht an fhĂłmhair,
á síneadh ar chróchar is á dtabhairt go cill.
Is gurbh é gléas a bpósta a bhí á dtórramh
is, a Dhia na glóire, nár mhór an feall?

Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe
ar an áit ar éagadar is milleán crua,
mar is iomaí créatúr a d'fhág sé ag géarghol,
ag sileadh is ag Ă©agaoin gach maidin Luain.
Ní díobháil eolais a chuir dá treoir iad
ach mí-adh mór a bhi sa gCaisleán Nua.
Is é críochnú an amhráin gur báthadh mórán
is d'fhág ábhar dóláis ag Anach Cuan.)

is d'fhág ábhar dóláis ag Anach Cuan.

macsuibhne.com/amhran/