Ineacs

Foclóir

Dé Luain, Dé Máirt

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Bhí Dónall bocht cam agus dronn ar a dhroim
Ag gabháil tríd an ngleann ins an oíche
Nuair a chuala sé ceol ba chaoineadh ag na sióg
Ag teacht aige ar learg na gaoithe
Dé Luain, Dé Máirt, Dé Luain, Dé Máirt . . .

Do stad sé agus d'éist go ciúin le gach séis
'S i ngéibheann ar glaoch binn is bhuaigh sé
Ach a chroí istigh go breoigh mar do theip ar an gceoil
'S níor cuireadh críoch cóir leis an líne
Dé Luain, Dé Máirt, Dé Luain, Dé Máirt . . .

Nár ghlac Dónall cam agus dronn ar a dhroim
A mhisneach, agus chan go deas séideán
Dé Luain, Dé Máirt, Dé Luain, Dé Máirt ... is Dé Céadaoin!
Dé Luain, Dé Máirt, Dé Luain, Dé Máirt ... is Dé Céadaoin!

Nuair a chuala an slua sí an críoch gheal míor bhinn
Nach orthu a bhíodh rí-rá agus áthas
Do bhain siad an dronn de Dhónall bocht cam
Agus d'imigh siad abhaile gan meacan
Dé Luain, Dé Máirt, Dé Luain, Dé Máirt ... is Dé Céadaoin!


macsuibhne.com/amhran/