Ineacs

Ar ais

Mheall Sí Lena Glórthaí Mé

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(leis An Fear Bán)

Seo mo mhallacht ar na mná
Is iad a mhearaigh mé 'gus rinne mo chrá
Thit mé i dtús mo shaol i ngrá
Le spéirbhean álainn óg
Is mheall sí lena glórthaí mé

Is í a bhí sochmaidh, lách, gan bhród
Is í ba mheallacha is ba mhilse póg
Bhí sí bríomhar, greannmhar, cóir
Is ní bréag a bhfuil mé a rá
Gur mheall sí lena glórthaí mé

Shíl mé nach raibh duine bocht ar mo dhream
Nach raibh sa tsaol seo ach spórt is greann
Faraor tá mé fágtha anseo go fann
Ag bodhránacht liom féin
Ó mheall sí lena glórthaí mé

Is iomaí óiche fhada fhuair
A chaith mé ag suirí léi cois na gcruach
Is ag teacht 'na bhaile arís gan gruam
Le bodhránacht an lae
Nuair a mheall sí lena glórthaí mé

Thóg sí a seoltaí i bhfad ar shiúil
Is d'fhág sí mise ag sileadh na súl
Nach cuma liom dá mbeinn ag dúil
Lena feiceáil arís níos mó
Ó mheall sí lena glórthaí mé

Nach doiligh domhsa theacht frid a' tsaol
Ó d'éalaigh an ainnir úd a chráigh mo chroí
Is d'fhág sí mise lag gan bhrí
Ó mo chaitheamh 's ó mo chloí
Ó mheall sí lena glórthaí mé

Dá bhfáighinnse an saol seo ar mo mhian
Scéal cinnte go mbeimis óg a choích'
Nó chuirfinnse lámh na cloige arís
Go dtí an t-am arbh fhiú bheith beo
Nuair a mheall sí lena glórthaí mé


macsuibhne.com/amhran/