Ineacs

Ar ais

Molly Na gCuach Ní Chuilleanáin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Ar meisce cha dtéim níos mó
Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé
Ó chaill mé mo chailín beag óg
A chuireadh í mo phócaí an t-airgead

Curfá:

Is fada liom uaim í uaim í
Is fada liom uaim í ó d'imigh sí
Is fada liom thíos agus thuas í
Molly na gcuach Ní Chuilleanáin

Dhéanfaidh mé tigh ar an ard
'S beidh ceithre ba bainne breaca agam
Is ní lighfidh mé 'n duine dá gcomhair
Ach Molly deas bhán Ní Chuilleanáin

Curfá

Dá mbeinnse i ndeacair an bháis
Is na daoine a rá nach dtiocfainn as
Ní dhéanfainn mo thiomna go brách
Go dtiocfadh Moll Bhán Ní Chuilleanáin

Curfá

Bhí mise lá ar an choill
Is tharla dom soilse bhrádóige
Dhéanfadh sí marbhán beo
Nó buachaill deas óg den tseanduine

Curfá


macsuibhne.com/amhran/