Ineacs

Ar ais

Páidín Ó Raifeartaigh

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Bríste gan básta 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Hata buí ard 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Cosa caola arda 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Is d'éalaigh mo ghrása le Páidín Ó Raifeartaigh.

Curfá:
Faidhfilileá, faidhfilil adió
Faidhfilileá is faidhfilil adió

Bríste go glúine 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Hata gan bonn 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Cosa buí arda 'bhí ar Pháidín Ó Raifeartaigh
Ach d'éalaigh mo ghrása le Páidín Ó Raifeartaigh.

Curfá

Éirigh i do shuí a Pháidín Uí Raifeartaigh
Faraor ní fhéadaim tá ioscadaí lag ionam
Tá mé san aois ach níl trí troithe ar fad ionam
Féach mar sin fhéin go raibh mealladh na mban ionam!

Curfá

Cailín 'tigh mhóir go deo ní ghlacfaidh mé
Bíonn sí nuall-ghuthach stuacach feargach
Bíonn buille ar gach ní ar chat is ar mhada aici
Amach sa meán-oíche bíonn focal na faire aici.

Curfá

Cailín ón sliabh go fóill a bheas agamsa
Blífidh sí an bhó agus ceanglóidh sí an capall dhom
Déanfaidh sí an císte, mo chuid ime 'gus bainne dhom
Is go deo deo ní éalóidh le Páidín Ó Raifeartaigh.

Curfá


macsuibhne.com/amhran/