Ineacs

Ar ais

Preab San Ól

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(le Riocard Bairéad c. 1714-1819)

Is iomaí slí sin do bhíos ag daoine
Ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,
'S a laghad a smaoiníos ar ghiorra a' tsaoil seo,
Go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
Más tiarna tíre, diúc no thú,
rachaidh pingin leat 's 'dul faoin bhfód,
Mar sin is bhrí sin, níl beart níos críonna
bheith go síoraí ag cur preab san ól.

dream de dhaoine le ba is le caoirigh,
Ag dul chun aonaigh is 'fáil sochar mór,
Á gcur chun cíbe is as sin chun mínligh,
Sin pointí críonna feictear dhóibh.
Tógaim fianaise ar an mbuíon seo,
Go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
Mar sin is bhrí sin, níl beart níos críonna,
bheith go síoraí ag cur preab san ól.

Is olc an tslí bheith ag ardú cíosa,
Ag déanamh daoirse agus tribute mór,
Ag cur na ndaoine ó theach 's ó dhídean,
faraoir atá cinnte dóibh,
An a níos sin, is is baolaí,
A bheith in íochtar á bhruith is á dhó.
Mar sin is bhrí sin, níl beart níos críonna,
bheith go síoraí ag cur preab san ól.

An long ar sáile níl cuan cearda
Nach gcaithfeadh cairde ar fud an domhain mhóir,
Ó ríocht na Spáinne 'gus suas Gibraltar,
'Gus ins an áit a mbíonn an Grand Signiór,
Le gach cargo ag líonadh málaí
choinneodh an bás uaidh uair dhó,
Mar sin, a chairde, níl beart níos fearr dúinn
bheith mar táimid, ag cur preab san ól.


macsuibhne.com/amhran/