Ineacs

Ar ais

Tóigfidh Mé Mo Sheolta

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Tóigfidh mé mo sheolta go Dúiche Sheoigheach ar maidin
Ar cuairt chuig mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasfad
Go dtaga bláth buí ar an eorna is go dtosaí an Fómhar ag gabháil chun finne
Is nach breá deas an rud í an óige is i ndiaidh mo stóirín atá mise.

Mo dhílleachtín cráite 'sea fágadh mé gan athair
'S dá mbeadh mo chliú i ndán dom cér chás dhom a bheith folamh
Níl aon fhear in Éirinn a dhéanfadh éagóir ar mo shamhail
Nár dheacair dhó a leas a dhéanamh ná ' gabháil ar aon chor go na flaithis.

Thuas i gciumhais a' tsléibhe atá an péarla a bhíos mo mhealladh
Buachaillín na gruaige báine a bhfuil fáinne a' gháire faoina hata
Agus gheall sé dhom go bpógfadh sé mo rós-bhéilín meala
Ach ní léir dhom na bóithrí ag na deora do mo dhalladh.

Tá 'fhios ag na daoine gur iomaí smaoineamh crua deacrach
Ag imeacht thrí m'intinn gach oíche ar mo leaba
Ach más fortún é atá i ndán dom is nach bhfuil fáil a'm a dhul thairis
Bí romham ag na crosbhóithrí is beidh muid pósta roimh an mhaidin.

Tá féar fada agus fásach i ngleanntaí álainn i bhfad ó bhaile
A mbíonn úllaí agus áirní ann fásta ar bharra crannna
Is cuma liomsa céard déarfas aon neach ní hé mo chéad searc a déarfas tada
Más í do mháithrín atá 'do dhiaidh orm, fuil a croí amuigh ar leac an teallaigh.


macsuibhne.com/amhran/