Ineacs

Ar ais

Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Tadhg Mac Dhonnagáin) http://www.futafata.com/

[ http://www.futafata.com/SolasGorm.html#Amhran ]
[ http://www.youtube.com/watch?v=0dOFOcKK0Lo ]
Bhí mise i ngrá le cailín tráth
Cailín a bhris mo chroí
An cailín ab áille ag siúl na sráide
A leithéidí fhaca riamh
Agus bheimís pósta agus sásta inniu
Bheadh páistí ar fud an
Ag gaeilgeoireacht ó dhubh go dubh
Murach a cuid gramadaí.

Ó mura bhfuil an tuiseal ginideach agat
Agus slacht ar do chuid 'h'eannaí
Níl suim laghad agam ionat
Mar is cinnte go mbrisfidh mo chroí
Ach más gaeilgeoir snasta blasta thú
Is thuigeann cúrsaí gramadaí
Tar trasna na páirce móire chugam
Táim anseo i dtóin an .

Táim ag siúl an bhóthair uaignigh seo
Le fada fada an
Ag cuartú na mná gaelaí i ngach aon áit
Ach faraor, níl le fáil
Bean atá tugtha don tuiseal tabharthach
Bean a thuigeann na díochlaontaí
Bean a rachadh chun na leapan liom
Le Graiméar na mBráithre Críostaí

Óra mura bhfuil an tuiseal ginideach agat
Agus slacht ar do chuid 'h'eannaí
Níl suim laghad agam ionat
Mar is cinnte go mbrisfidh mo chroí
Ach más gaeilgeoir snasta blasta thú
Is thuigeann cúrsaí gramadaí
Tar trasna na sráide caoile chugam
Táim anseo i dtóin an .

Mar sin más an cailín seo
Is i do shaineolaí
Ar rangabháil na deacrachta
Gan trácht ar na tréaniolraí
bhaineann pléisiúr as na cosain chaola
Más maith leat an briathar saor
Tar liomsa a stóirín go n-éaloidh muid le chéile
Ach ar dtús, scrúdú beag gramadaí.

Óra mura bhfuil an tuiseal ginideach agat
Agus slacht ar do chuid 'h'eannaí
Níl suim laghad agam ionat
Mar is cinnte go mbrisfidh mo chroí
Ach más gaeilgeoir snasta blasta thú
Is thuigeann cúrsaí gramadaí
Tar trasna na páirce móire chugam
Tar trasna na sráide caoile chugam
Tar trasna na leabharlainne ciúine chugam
Tar trasna na farraige gairbhe chugam
Tar trasna na carraige duibhe chugam
Tar trasna na liomanáide báine chugam
Táim anseo i dtóin an .

Bheimís pósta agus sásta inniu
Bheadh páistí ar fud an
Ag gaeilgeoireacht ó dhubh go dubh
Murach a cuid gramadaí.


macsuibhne.com/amhran/