Ineacs

Ar ais

An Buachaill Caol Dubh

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Nuair a théim ar aonach a' ceannach éadaigh
'S bíonn an éirnis agam im láimh,
SĂ­neann taobh liom an buachaill caol dubh,
'S cuireann caol-chrobh isteach im láimh.
Is gearr'n-a dhéidh sin go mbím go h-aerach,
Gan puinn dem chéill 's mé os cionn an chláir,
A' díol na n-éileamh do bhíonn am chéasa,
Seacht mí gan léine's an fuacht am chrá.

'Sé an buachaill caol dubh fada, féileach,
Clisde, léigheanta, 's gur mhaith é a shnó,
Do chlaoidh i bpéin mé 's do mhill i n-éag mé,
Is d'fhág mé féinig ar beagán stóir.
Dhon Fhrainnc dá dtéinn, nó go cuan Binn Éadain,
No a' dul don léim sin go h-lnis Mór,
Bionn an séithleach im dhiaidh ar saothar,
Mara mbeinn féin uaidh ach uair de ló.

Do casadh Aoibhill na Craige LĂ©ith' orrainn,
A'gabháil na sli is do ghaibh liom baidh;
Is dúirt dá ngéillfeadh an buachaill caol dubh
Go dtúrfadh céad fear dó suas im áit.
Do labhair an caol-fhear go gonta géar lé,
Is dúirt ná tréigfeadh a charaid ghnáth,
Gur shiúil sé Éire tré choillte 's réitigh
Le cumann cléibh is le searc im dheuidh.


macsuibhne.com/amhran/