Ineacs

Ar ais

Na Connerys

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

A choimín mhallaithe, gúimse deacair ort agus gráin Mhic Dé
' S ar an ngasra úd atá ceangailte go dlúth le do thaobh
Mar is iad do dhearbhaigh i láthar Choistealbhaigh ar na triúir fear séímh
' S a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí's na New South Wales

An té a bheadh ina sheasamh ann 's a dhéanfadh macnamh ar ár gcúis a plé
Mar do sheasaigh sí óna seacht ar maidin go dtí tar éis a naoi
Chrith an talamh fúinn le linn a labhartha á dtabhairt sa mbréag
Is mo ghraidhin é an t-anam bocht, tá sé damanta más fíor í an chléir

Tá saicéad gairid á dhéanamh ó mhaidin dúinn is triús dá réir
Culaith fharraige, ní nár thathaíomar i dtúis ár saol
Murach feabhas ár gcarad bhí ar muinéil cneagaithe is sinn go domhin san aol
Nó gur casadh sinn chun téarmaí a chaitheamh in sna New South Wales

A bhanríónn bheannaithe 's rí na bhfalitheas geal, tabhair fuscailt orain araon
' S ar an mbanalatra atá sa bhaile go dúch inár ndiadh
Le linn an aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun Dé
Ar na Connerys a thabhairt soar abhaile chugainn ós na New South Wales.



macsuibhne.com/amhran/