Ineacs

Ar ais

A RĂ­ an Domhnaigh

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

A Rí an Domhnaigh tar le cabhair chugaim, is tóg in am ón bpéin mé.
A Rí an Luain ghil, bí-se buan liom, is ná lig uaitse féin mé.
A Rí an na Máirte, a chroí na páirte, dean díonadh Lá an tSléibhe dhom.
A Rí Céadaoine, soar ó géibheann mé, cé fad' ód chaomhghinn féin mé

A Rí Déardaoine, maith ár bpeacaí-ne, do dhein do dhlí do réabadh
A rí na haoine, ná coinnigh cuimhne, ar mo drochgníomhartha baortha
A rí an tsathairn, go síoraí achainím, mé 'thabhairt thar Acheron chaorthainn
FĂ© dhĂ­on do thearmainn, trĂ­ rĂ­ocht an Aifrinn, suas go Parathas Naofa

A bhanríon oiriric, a bhanríon shoilibhir, a bhanríon sholais na gréine
Ní haon tsaibhreas, atá uaim uaitse, ach leigheas ar dhocar mo phéine
Na sluaite borba, a bhí ag gabháíl ormsa, is rug im' choladh orm tréimhse,
Cuir cogadh orthu, mar churadh cosanta, is tabhair ón ngaradh lá an tSléibhe mé

A bhanríon álainn, go bhfuil na grásta ort, ó lúim go hard agus glaoim ort
Ó' s tusa máthair, an Linbh ghrámhair, déag don pháis dár saoradh
Is é seo láithreach. am an gháthair. is mé gan cairde taobh liom
Ó tar im' láthair, cabhraigh lámh liom, is ná lig don bhás mé a thraocadh


macsuibhne.com/amhran/