Ineacs

Ar ais

Oileán Dhún an Óir

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is buachaillín óg atá i bhfad i bhfad i gcéin,
Is mo mhuintirse a d'fhágas fán iomarca péin
Táim'se tinn tuirseach lag tnáite faoi bhrón,
Ó d'fhágas an Baile atá le h'ais Dhún an Óir.

Ó is nárbh aoibhinn is nárbh aerach an saol úd fadó
Nuair a bhímis ag iascach lena chéile sa bhFómhar.
Mórthimpeall Binn Dhiarmada is le taobh Faill na mBó.
Ins an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.

Is céad slán chugat a Ard na Caithne gur fada uait
Is chun muintir an Fhearainn mo ghrá iad go mór.
Chun gach sár-fhear is cailín a d'fhágas i mo dheoidh
In san mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.

Ó is nach deas iad na fir ann, is -dheas iad na mná.
Is bíonn siad ag rince le hais an Bhéil Bháin,
An cnagaire ag seimint ann, le binn-ghuth an cheoil,
Ins an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.

An a éireódh ann ar maidin is an drúcht ar an bhféar,
Ba dhóigh leat gurbh é gairdín Phárthais é,
Agus bláth bán na bprátaí is an choirce sa bhfómhar,
A fhásann sa mbaile atá le hais Dhún an Óir.

Iarraimse ar Íosa is ar mhór na nGrást,
Is ar na haingle eile a chónaíonn go hard,
a thabhairt seal aríst mar a mbinnse fadó.
Go dtí an mbaile atá in aice le hOileán Dhún an Óir.


macsuibhne.com/amhran/