Ineacs

Ar ais

Máire Ní Eidhin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Ag gabháil 'un an Aifrinn dom le toil na nGrásta
bhí an lá ag báisteach is d'athraigh gaoth
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi
Labhair mé léi go múinte mánla
is de réir a cáilíocht sea d'fhreagair sí
Séard a dúirt sí: 'Raiftearaí, tá m'intinn sásta
ach gluais go lá liom go Baile Uí Lí.'

Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
ach rinne mé gáire is gheit mo chroí,
Ní raibh le dhuil againn ach trasna páirce
níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí
Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
is a cúilín fáinneach le m'ais ina suí
Séard dúirt sí: 'Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte
tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Lí.'

'Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
is deise méin 'gus is áille gnaoi
Míle cléireach a dhuil in éineacht
trian a tréathra ní fhéadfadh scríobh
Bhuail sí Deirdre le breáichte is Véineas
dá n-abraínn Héilean ler scriosadh an Traoi
Seo'd í an chraobh is cé a d'iarrfadh a héileamh
ar an bpabhsae gléigeal 'tá i mBaile Uí Lí.

Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
is tú ag féachaint síos uait ar Bhaile Uí Lí
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó is sméara
's ceiliúr éan ann mar na ceolta sí
Níl brí sa méid sin dá bhfaigheá léargas
ar bhláth na gcraobh 'tá lena thaobh
Níl maith dá shéanadh níos faide ar aon neach,
a spéir na gréine, is tú grá mo chroí.

Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc thré chéile
an Spáinn an Ghréig is ar ais aríst
Ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Éirne
is ní fheicfeá féirín ar bith mar í.
A grua thrí lasadh is a malaí caola
a haghaidh dá réir is a béal tais mín
Scoth ban Éireann, is as ucht an scéil sin
a thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Lí.

A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair,
a chúilín ómra, a mheall mo chroí
Siúil ar uaigneas liom go ndéanam comhairle
faoi choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí
Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna
puins ar bord is dá n-óltá fíon
Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar
is go bhfágha mé an t-eolas ar ais aríst.


macsuibhne.com/amhran/