Ineacs

Ar ais

Alí - Dílleachtín gan Bhrí

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

( Róisín Elsafty )

[ http://www.roisinelsafty.com/roisinelsafty.com/Ali.html ]

Mo dhíomú go deo dhaoibh, a thiarnaí Bush is Blair,
Sibhse is cúis leis an slad seo go léir,
Buamaí a' pleascadh ar fud na hIaráice,
Na mílte anois marbh 'gus an milliúin acu cráite.

[curfá -- chorus -- Gaeilge]

Scuabh siad uait do mhuintir amach i lár na hoich',
Coinnigh suas do mhisneach, Coinnigh suas do chroí,
Ó Alí, Alí , Alí, díleachtín gan bhrí,

D'inis sibhse bréaga, ó d'inis sibh mo lean,
Go raibh airm ollscriosúil ag Saddam Hussein,
Sceoin agus eagla ar mhuintir na hIaráice,
Gealltanas saoirse is saol breá in am dhóibh.

[curfá -- chorus -- Araibise]
Alí, Alí, Alí, yatim soghuir miscín
Atúlú cúlu ahlek finús aléil taweel
Khala andak amal, Khala andak rua
Ya habibi Ali, yatim soghuir miscín [Araibise]

D'ionsaigh sibh tír ársa, bhí lag gan aon bhrí,
Théis dhá chogadh mór 'gus na smachtbhannaí,
Daonlathas a' teacht aniar ar bhord B-52,
Níl saoirse ná suaimhneas ag Iaráicigh níos mó.

[curfá -- chorus -- Gaeilge]

Alí, Alí, Alí, dílleachtín gan bhrí,
Scuabh siad uait do mhuintir amach i lár na hoich',
Coinnigh suas do mhisneach, Coinnigh suas do chroí,
Ó Alí, Alí , Alí, díleachtín gan bhrí,

'Sí an ola bhí uaibhse, is níl maith dhaoibh a shéanadh,
Ach beidh sibh go brách a' sciolladh bréaga,
An Iráic ar fad scriosta 'gus scaipeadh trína chéile,
Ach an té a thacaigh libhse nach orthú a bhí an díth céille.


macsuibhne.com/amhran/