Ineacs

Ar ais

Nach Cloíte an Galar an Grá

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.osiochru.com/content/searc-mo-chl%C3%A9ibh-lyrics ]

'Sé mo chreach is mo dhíth, is nach cloíte an galar an grá
Is mairg go mbíonn sé air mí, seachtain is lá
Do bhris sé mo chroí is do mhill sé an t-easnamh i'm lár
Is codladh ní bhfaighim ach ag taidhreamh ar mo dhian-ghrá.

Is é mo chreach is mo chás, nach gcáitheann sé sneachta 'gus sioc
Mise is mo ghrá do bheith i lár na farraige amuigh
Gan loing, gan bád, gan árthach ná aon ní ar bith
Ach caite insa tsnámh is mo dhá láimh casta ina crios.

Is do casadh slua sí orm síos chun Lios Bhaile Dháith
Is d'fhiafraíosa díobh cé'n ní do leighisfeadh an grá?
Dúirt duine acu liom go ciúin, go taise is go tnáth
An rud a théann ins an chroí ná scaoiltear as é go brách.

Is a chailín bhig óig, ná pós an seanduine liath
Ná cuir do dhá láimh le grá dó thairis aniar
Mar tá'n tú beag óg is fós níor tháinig duit ciall
Is má mhaireann tú beo beidh mórchuid leanbh id' dhiaidh.


macsuibhne.com/amhran/