Ineacs

Ar ais

A Ógánaigh Óig

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

( Cathal Bhuí Mhic Giolla Gunna? (16??-1756) )

[ https://www.youtube.com/watch?v=3bjLJBqFvYY ]

A ógánaigh óig dá siúlfá an ród liom
Ba deas do lóistín is do leaba luí
Bheadh fliúit is orgán ag seinm ceoil duit
A thógfadh an brón seo go léir ód' chroí.

Ins na bóithre udaí bhéinn leat i gcónaí
Dá dtabharfá móid dom nach mbeifeá claon
Is dá bhfaighinnse bás is mé sínte i gcomhnair
Le fáil do phóige sea bheinn slán arís.

Is cailín óg mé amuigh ar a' bhfásach
Ag gol go cráite 's ag sileadh deor
Tá leanbh óg ar bhac mo láimhe
'S gan aon deoirín bán agam a bhéarfainn dó.
Dá mbeadh fhios agam féin nach raibh tú i ndán dom
Ní dhéanfainn dáimh nó comhrá leat
Is gur daigne a bhí mise i do ghrása
Ná mar bhíonn na tairní i gcruth na n-each.

Nár dhúirt tú liomsa, a Ghiolla na Ruaidhe,
Nach bhfaighfeá suaimhneas mura b'fhada an íche
Go dtiocfá chugam le do chomhluadar
I ndiaidh do mháithrín a luascadh a luí?
Nár dhúirt tú liomsa go raibh do pháirt liom
Gur i mbun do láir a bhí do ghean 'na luí
'S go déarfá aris nuair a bhí sé 'na lá againn
'Sé mo chrá nár tharla sé ina oíche aris.

'S dá mbéinnse eolach ar dhéanamh ceol binn
Ó thriallfainn leatsa amach san oích'
Go gleannta coille amuigh ar an uaignis
Agus cairde dílse bheith linn a choích'.
Ó bheifeása ' léamh is bheinnse ag foghlaim
A chroí bhig ó is a bhuachaill chóir
Ach ó thréig tú féin mé tá mé úite
Agus beidh mé feasta fad a bheas mé beo.


macsuibhne.com/amhran/