Ineacs

Ar ais

Oran do Raghnall

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Seo aistriúchán ó Ghaeilge na hAlbain, déanta ag Niall Gordan)

[ https://www.youtube.com/watch?v=pVRFdTPKn4k ]

Lá ceathach míchuí
Mé leisciúil im luí
Is ea tháinig mo thaobh dea-chara

A rinne croíúil mo shaol
Le féiríní róchaomh'
A bheadh luachmhar sa tír mar tharraingt

Mála bonn atá breá
A bualadh thar sáil'
In Éirinn aos-dána na rannaibh

Iad dealraitheach líont'
Le dathanna liath
Is ceardaíocht iontach bheadh annamh

Go n-insim cén ló
Ó bhí na boinn seo sa bhfód
Orthu scríofa i gcló mar ealaín

Cuid aosta 's cuid óg
Cuid níos luachmhair' ná an t-ór
'S cuid ba bhreá liom lem ló bheith agam

Ceann tá seachtó 's a dhó
Má dhéantar cuntas 'nár ló
Agus buailte i gcló atá tarbh

'S ceann tá bliain níos aost'
Ná mé féin ar an tsaol
Rud nach insim a choíche d'aon anam!

Ach lá ceathach míchuí
Mé leisciúil im luí
'S maith gur tháinig mo thaobh... mo chara.


macsuibhne.com/amhran/