Ineacs

Ar ais

Amhrán Síochána

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Díreach mar bhláth is an geimhreadh ag teacht,
Díreach mar choinneal a múchadh sa ghaoth,
Díreach mar éan is a sciathán as feidhm,
Is minic mé mar sin.
Ach taobh leis an locht tá planda ag fás,
Tá solas ag lonrú ag deireadh na slí;
Dúnaim mo shúile is feicimse fós
An aisling i mo chroí.

Beagáinín grá, beagáinín féile
Chun aisling a thógáil don domhan le chéile;
Beagáinín foighne, beagáinín bá,
Is síocháin againn gach lá.
Beagán den ghrian, beagán den sólás,
Beagán den chaoineadh, beagán den dólás,
Beagán den dóchas, beagán den ghrá,
Is síocháin againn gach lá.


macsuibhne.com/amhran/