Ineacs

Ar ais

An Bád Sí

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Nuala Ní Dhomhnaill)

Triúr a chonaic is triúr nach bhfaca
Na fearaibh ar na maidí rámha
Seacaidí gorma is caipíní dearga
A' dhul isteach go Faill na Mná

Sinne a bhí ag piocadh duilisc
Ar chlocha ins an Chuaisín
Mise is Neill is Nóra a chonaic iad
'S triúr eile fhaca rian

Bhí ár gceannaibh síos go talamh
a' piocadh linn 's ár naprúin lán
Mise is túisce a d'ardaigh m'amharc
Nuair a chualamar fuaim na maidí rámha

fhéadfainn a an cúigear seisear
De fhearabih a bhí istigh sa mbád
Bhí duine acu thiar ina deireadh á stiúradh
Is gan aon chor as ach oiread leis an mbás

Do liús is do bhéiceas féachaint
Isteach faoin bhfaill cár ghabh an bád
Chonaic an triúr iad 's fhaca an triúr eile
In áit chomh cúng nach rachadh ach rón

Is mbeidís ag straenáil ann go maidin
Go bráth na breithe fheicfeadh rian
Den mbád úd nárbh aon bhád saolta é
A chonaic le mo dhá shúil cinn

Ó dúirt na seandaoine linn nár mhithid
Theacht 'na bhaile 's an choróin a
Mar gur minic a bhí a leithéid ann cheana
Á thaibhsiú do dhaoine ar an mbá

Triúr a chonaic is triúr nach bhfaca
Na fearaibh ar na maidí rámha
Seacaidí gorma is caipíní dearga
A' dhul isteach go Faill na Mná


macsuibhne.com/amhran/