Ineacs

Ar ais

An Binsín Luachra

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Bhíos-sa maidin Shamhraidh ag góilt síos trí Chontae an Chláir,
Agus éanlaith coille ag labhairt liom ar an gcrann is iad ag siúinseáil,
Sea do casadh liomsa an ansacht ba bhreátha is ba dheise snua,
'Gus thugas searc is greann di, 'dtaobh m'amhrais ' bláth na n-úll.

Maidin aoibhinn uaibhreach ar bhruach na coille glaise breá,
Is mo ghadhair le m'ais ag gluaiseacht go huasal is mo ghunna im' láimh,
'Sea do dhearcas chughamsa stuairín na gruaige finne 's an bhrollaigh bháin,
Agus ábhar 'bhinse buainte aici den luachair ba ghlaise fás.

'S do dh'fhéachas ar na cuanta agus bhí ann uaigneas agam ar nóin,
Is do dhruideas suas lem' stuairín agus fuaireas uaithi cúpla póg,
Ach ' dúirt liom go huaibhreach 'Fan suanmhar is cuir orm stró,
'Gus scaip mo bhinse luachra t'r éis a bhfuaireas thrioblóid'.

Is a chailín bhig na luachra, leagfása do bheart ar lár,
Ar bhruach na coille craobhaí ag éisteacht le fuaim na trá,
Mar na sagairt bhfaighidh scéal' air éinne eile bhfuil san áit,
go dtiocfaidh an chaint don chéirseach 's go n-iompóidh an lon dubh bán.

Ó cailín deas ab fhearr liom a bheith ar láimh liom thar a bhfeacaíos riamh,
'Gus bpósfainn cailleach ghránna mo lánchreach mairfinn bliain,
Ach phósfainn thusa, a ghrá ghil, a chúil fáinneach na dtrioplaí siar,
Is do bhainfinnse binse breá duit chomh hálainn is a chonaic ariamh.

Is a chailín bhig na luachra glac suaimhneas agus fan go réidh,
Mar cás duit a bheith chomh buartha in uaigneas is leat féin,
Mar scaip do chuid luachra nach dual go bhfuil mórchuid tar a éis,
Agus bainfeadsa binse mór duit agus ualach mar thuilleadh léi.

Is ba dheas an cailín seomra í um thráthnóna is a bruis 'na láimh,
Is cár dheise crú na mbó í ' smóilín í an bhrollaigh bháin,
Do tharraingeodh samplaí coróinneach go róbhreá ar éadach cláir,
' searc mo chroí 's mo rún í ' mo stuairín í go bhfaighidh bás.


macsuibhne.com/amhran/