Ineacs

Ar ais

De Fartaí Séaids of Grín

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Ar thaisteal dom im' chuimní chuig oileáinín mo chroí
Ó naomhóga an Daingin go tránna Donaghdee,
Is fada uaim an tSionainn agus muintir Sciobairín,
Na móintigh is na móinéir go haoibhinn is go caoin.

Is fada uaim mo chailín breá i dTiobraid Árann Theas,
Is faide fós a bhraithim uaim a béilín tana tais;
Ba bhreá liom seal a chaitheamh ann go bhfeicfinn mar a bhí
Na móintigh is na móinéir go haoibhinn is go caoin.

Ba bhreá liom seal a chaitheamh ann cois trá i mBail' Áth' Clí
'S go bhfeicfinn baint na móna is an choirce aibí bhuí,
Go bhfeicfinn mná ag diasrú dos na tithe beag' ceann tuí
Do shiúlfainn cúigíbh Éireann go haoibhinn is go caoin.


macsuibhne.com/amhran/