Ineacs

Ar ais

An Spailpín Fánach

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Leagan a hAon)

Seo an Spailpín fánach ón sliabh anuas
Le coiscéim éadrom lúfar
Ag ceiliúr is ag ceol agus draíocht ina ghlór
Agus mheall sé an ógbhean uasal
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé
Ah dí dú, ah, dí dé dí
Ag ceiliúr is ag ceol agus draíocht ina ghlór
Agus mheall sé an ógbhean uasal

D'fhág sise teach a hathar féin
D'fhág sise gaolta is cairde
Thréig sise 'n fear a bhí luaite léi
Agus lean sí an Spailpín fánach
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé,
Ah dí dú, ah, dí dé dí,
Thréig sise 'n fear a bhí luaite léi
Agus lean sí an Spailpín fánach

Ghluais a hathair sa tóir 'na ndiaidh
Trasna sléibhte is bánta
Ag iarraidh tuairisc' fána 'níon
Is an Spailpín béalbhinn fánach
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé,
Ah dí dú, ah, dí dé dí,
Ag iarraidh tuairisc' fána 'níon
Is an Spailpín béalbhinn fánach

Tháinig sé ar ball go dtí caisleán óir
B'ann a fuair sé a' lánúin
'S bhí togha gach bía agus rogha gach dí
Ag an 'níon is an Spailpín fánach
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé,
Ah dí dú, ah, dí dé dí,
'S bhí togha gach bía agus rogha gach dí
Ag an 'níon is an Spailpín fánach

"Ní spailpín é, a athair," ar sí
"Ach tiarna óg na háite
Go dté mé i gcré ní scarfaidh mé
Leis an Spailpín béalbhinn fánach."
Ah dí dú, ah, dí dú dah dé,
Ah dí dú, ah, dí dé dí,
Go dté mé i gcré ní scarfaidh mé
Leis an Spailpín béalbhinn fánach"


macsuibhne.com/amhran/